Move back one step  Move forward one step  List of themes 


    Texts used for Samples of Spoken Irish


One of the following short extracts was read aloud by some informants (depending on their readiness to do this). Speakers were asked to read it casually at their normal rate of delivery. Three texts were used, each from one of the main dialect areas. This procedure was deliberate as many of the forms and words used in the texts are found in the dialect area from which the particular author came.

Fiche blian ag fás
‘Twenty years a-growing’ by Muiris Ó Súilleabháin
Southern Irish
Corca Dhuibhne
An braon broghach
‘The dirty drop’ by Máirtín Ó Cadhain
Western Irish
Conamara
Mo bhealach féin
‘My own way’ by Seosamh MacGrianna
Northern Irish
Tír Chonaill

Extract from Fiche blian ag fás



Níl aon bhaol ná gur breá í an óige, cé go bhfuil sí fá réim agamsa fós, agus ní thagann ciall roimh aois.

Buachaill is ea mise a rugadh agus a tógadh thiar sa Bhlascaod Mhór, an t-oileáinín fíorGhaelach atá suite thiar thuaidh ar chósta Chiarraí, go bhfuil síonta na spéire agus tonnta na mara fiáine ag síorstealladh gan staonadh ó cheann ceann na bliana agus ó ghlúin go glúin i gcoinne na gcarraigeacha méiscreach atá ina seasamh os cionn na farraige, agus as san isteach trí sna cuaiseanna mar a bhfuil na róinte ag neadú.

Is maith is cuimhin liom, in aois mo cheithre mbliana dhom, is é an áit go rabhas ná i nDaingean Uí Chúise fé choimhde mná iasachta; mar ná rabhas ach leathbhliain d’aois nuair a fuair mo mháthair bás, beannacht Dé dhílis lena hanam agas le hanamacha na marbh. Dá bhrí sin, ní raibh éinne chun aire a thabhairt domsa. Beirt dearthár agus beirt deirféar a bhí agam ach ba bheag an chiall a bhí acu san ach oiread liom féin chun aire chóir a thabhairt dom. Dá dheascaibh sin, do chuir m’athair fé choimhde mná iasachta me go Daingean Uí Chúise, fé mar a dúrt cheana.

  Listen to typical reading

Extract from An braon broghach (collection of stories, here: Tnúthán an Dúchais ‘Longing for one’s native place’)



Bhí geataí an chalaidh á ndúnadh, agus feidhmeannaigh ag brostú na n-imirceach síos go dtí an soitheach aistrithe a bhí lena n-ardú amach go dtí soitheach mór Mheiriceá amuigh ar an ród. Ainneoin a liachtaí uair ar mheabhraíodar do Cholm Cháit Anna nár mhór dó crú a chur ina thosach, as strónacht a dhealaíodar é faoi dheireadh agus faoi dheoidh óna chairde gaoil agus ón lucht aitheantais a tháinig á thionlacan, na deich míle sin isteach ó Sheana Choille go dtí an baile cuain.

‘Tiocfaidh mé abhaile. Tiocfaidh, le cúnamh Dé. Is gearr . . .’

Phlúch na hallair agus na hollghártha cumha an chuid eile den chaint, fearacht mar a plúchadh cumraíocht an ógfhir faoi cheann ala an chloig, sa mbrúisc imirceach sin a bhí ag déanamh go drogallach, dobrónach ar an long aistrithe.

Ach ní móide go raibh ginealach eile ar an mathshlua a raibh an oiread drogaill ná dobróin ar a chroí is a bhí ar Cholm Cháit Anna. Níorbh ionann is cuid mhaith de na himircigh sin é, níor dhrogall dealaithe ná dobrón na huaire amháin a bhí ar Cholm. Arae ba dhuine é nach raibh bara na himirce riamh faoi, agus ní thabharfadh sé an tuairt seo go héag air féin dá thoiliúna féin.

  Listen to typical reading

Extract from Mo bhealach féin



Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach, creid mise, ní searbh atá sí ach garbh, agus sin an fáth a seachantar í.

Is óg i mo shaol a chonaic mé uaim é, an ród sin a bhí le mo mhian, an bealach cas geal a raibh sleasa cnoc ar gach taobh de a ba deise ná aon chnoc dá bhfuil i gceol; agus anál aeir os a chionn a bhéarfadh bua ar aer an tsaoil mar bheir an fíon bua ar an uisce; agus seandroichid a bhí ag éisteacht le cogarnach srutha a fhad agus théid an chéad mhearchuimhne; agus bailte bánbhreaca idir neoin bhig agus béal maidne; agus clúideanna scíste a bhféadfainn suí iontu go n-aithnínn beo gach gas agus luibh iontu; agus rosanna scaite aislingeacha:

     Ar bhruach na toinne le taobh na Finne
     ’S mé ’féachaint loingis ar sáile.

Bealach nach bpillfeadh, bealach nach raibh ceangailte idir dhá cheann na himní. Cé a shamhlódh dom nár shiúil mé riamh é, mise rí-éigeas na nGael san fhichiú céad seo, in aimsir na hAiséirí? Cé a shamhlódh dom gur ar chomhairle leathchairde a mhair mé bunús an ama ó tháinig ann dom? Má b’olc a rinne mé an chomhairle sin b’fhada buan a d’fhan mé leath bealaigh idir a meas agus a drochmheas.

  Listen to typical reading